1 Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.
2 Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh.
3 A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.
4 Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.
5 Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.
6 Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.
7 Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.