9 Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”
10 Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n‑ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh.
11 Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.
12 Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;
13 tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.
14 Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,
15 le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.