1 Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.
2 Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,
3 mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht.
4 Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.
5 Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.
6 Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall.