12 Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
13 Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine;
14 ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é;
15 agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.
16 A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.
17 Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
18 Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.