14 ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é;
15 agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.
16 A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.
17 Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
18 Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.
19 Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,
20 mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcrích.