18 Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.
19 Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,
20 mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcrích.
21 Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.
22 Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.
23 Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán;
24 feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é.