7 Óir ná bíodh an té sin á mheas go bhfaighidh
8 an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia.
9 Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é,
10 agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir.
11 Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.
12 Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
13 Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine;