1 Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.
2 Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air,
3 agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t‑éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”
4 nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra?