18 Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
19 Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.
20 An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?
21 Nár fíréanaíodh Abrahám ár n‑athair trína dhea-oibreacha nuair a d'ofráil sé a mhac Íosác ar an altóir?
22 Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha.
23 Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht” agus tugadh cara Dé air.
24 Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin.