23 Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht” agus tugadh cara Dé air.
24 Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin.
25 Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?
26 Tá an corp marbh gan an t‑anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.