6 Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
7 Nach iadsan a dhiamhaslaíonn an t‑ainm uasal dár tíolacadh sibh?
8 Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.
9 Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí.
10 Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán.
11 Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot.
12 Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.