1 A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.
2 Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.
3 Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d'fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir.
4 Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.
5 Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine!
6 Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
7 Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu,