6 Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
7 Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu,
8 ach ní féidir d'aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach.
9 Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé.
10 Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.
11 An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil?
12 An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.