1 Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?
2 Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n‑iarrann sibh.
3 Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n‑iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n‑ainmhianta.
4 A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.