4 A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.
5 Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?”
6 Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”
7 Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.
8 Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.
9 Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim.
10 Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.