6 Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.
7 Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.
8 Bíodh foighne agaibhse chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn.
9 Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.
10 A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.
11 Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.
12 Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.