4 Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.
5 Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:
6 bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.
7 Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,
8 ach é bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha.
9 Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú.
10 Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.