7 Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,
8 ach é bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha.
9 Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú.
10 Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.
11 Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.
12 Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: “Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.”
13 Agus is fíor an fhianaise í sin. Déansa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu