16 Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.
17 Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile.
18 Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.
19 Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse.
20 Oír ní bhfuil a chamhuil agum ar fheabhus a inntinne, noch ar a mbíadh cúram na neitheann bheanas ribhse go dúthrachdach.
21 Oír síad na neithe bheanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neithe bheanas ré Híosa Críosd.
22 Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhon go ndearna sé miniosdrálachd um fhochairse sa tsoisgéul, amhuil do dhéunadh mac a bhfochair a athar.