16 Gidheadh, siubhlam air ar nadhuigh sa ní chum a dtangamar, do réir áon ríaghla amháin, agus bímid déininntinn.
17 A dhearbhráithre, bíghidh ré chéile bhur luchd leanmhana agumsa, agus tabhruidh aire don druing shiúbhlas do réir na heasumplára do bheirmídne dhíbh.
18 Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd:
19 Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.
20 Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
21 Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.