10 Agus do ghabh gáirdeachas go mór sa Dtíghearna mé, do bhrígh gur éiridh dhíbh fá dheireadh mo chúramsa do bheith oruibh; fós an ní do bhí na chás oruibh, achd nach bhfúarabhair ám.
11 Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim.
12 As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
13 Tig dhíom na huile neithe do dhéunamh tré Chríosd noch do neartuigheas mé.
14 Thairis sin is maith do rinneadbhairse, bheith páirteach rém bhuáidhirtse.
15 Agus fós, atá a fhios aguibhse a Philippíanacha, a dtosach an tsoisgéil, an tan do fhág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar bith rium a gcunntus tabhartha agus gabhála, achd sibhse amháin.
16 Oír ar mbeith dhamh fós a Dtessalonica do chuireabhair chugam uáir nó dhó fóirighin mo ríachdanuis.