16 Oír ar mbeith dhamh fós a Dtessalonica do chuireabhair chugam uáir nó dhó fóirighin mo ríachdanuis.
17 Ní hé go bhfuilim ag íarruidh tabhártuis: achd amháin ag íarruidh toruidh ro líonmhuir chum bhur gconntuisse.
18 Fuáir mé a nois na huile neithe, agus atá mo theannsháith agum: do líonadh mé, ar nglacadh dhamh ó Epaphrodítus na neithe tháinic uáibhse, an baladh dheaghbhaluidh, an níodhbairt thaitneamhach, ar a bhfuil gean ag Día.
19 Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
20 Agús glóir do Dhía eadhon ar Nathairne go sáoghal na sáoghal. Amen.
21 Teannuidh ribh gach uile náomh a Níosa Críosd. Cuirid na dearbhraithre atá um fhochairse a mbeannachd chuguibh.
22 Cuirid na naóimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream atá do luchd tighe Shéusair.