5 Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.
6 Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.
7 Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
8 Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
9 Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.
10 Agus do ghabh gáirdeachas go mór sa Dtíghearna mé, do bhrígh gur éiridh dhíbh fá dheireadh mo chúramsa do bheith oruibh; fós an ní do bhí na chás oruibh, achd nach bhfúarabhair ám.
11 Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim.