14 Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;
15 Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána;
16 Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:
17 Agus ar dteachd djó do shoisgéil sé siothcháin dibhse nách raibh na chomhgar, agus don druing do bhí na chomhgar.
18 Oír is trídsion atá ar slighe ar áon ré dul steach chum a Nathar a náoin Spioruid.
19 Uime sin ní bhfuiltí ní sa mhó bhur gcoimhightheachuibh ná bhur gcoigcríochuibh, achd bhur luchd áonchaithreach do na náomhuibh, agus bhur luch tighe Dé;
20 Ar mbeith díbh áitighthe ar fhonndameint na nabsdal agus na bhfáigheadh, ar mbeith Díosa Críosd féin na chloich chinn ag an ccuáinne;