2 Ann a rabhabhair a nallód ag siubhal do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cúmhachda a naiéir, agus na sbiorúide óibrigheas a nois a gcloinn na heasúmhlachda:
3 Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.
4 Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,
5 Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
6 Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd:
7 Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.
8 Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: