5 Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
6 Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd:
7 Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.
8 Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
9 Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
10 Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
11 Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;