6 Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd:
7 Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.
8 Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
9 Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
10 Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
11 Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;
12 Go rabhabhair sa naimsirsin a néughmhais Chríosd, ar mbeith dháoibh gan buáin aguibh ré maitheas puiblidhe Israél, agus bhur gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith díbh gan muinighin, agus gan Día ar bith aguibh san tsáoghal: