10 Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,
11 Do réir an réimhchinnidh shíorruidhe noch do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíghearna:
12 As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
13 Uime sin iarruim dathchuinghe gan sibh do dhul a nanbhfainne tré mo bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch as glóir dháoibhse.
14 Ar a nadhbharsa filleam mo ghlúine Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd,
15 As a nainmnighthear a nuile athardhachd air neam agus air talamh.
16 Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh;