2 Má chuálabhair feadhmanntas ghrás Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa:
3 Oir gur fhoillsigh sé dhamh do réir thaisbéunta an rúindíamhair; mar do sgríobh mé roimhe go haithghearr;
4 As ar féidir libh, ar na léughadh dhíbh, meólussá a rúindíamhair Chríosd do thuigsin,
5 Noch sna haimsearruibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na fhoillsiughadh dá absdaluibh náomtha agus da fháidhibh trés an Spioruid;
6 Eadhon go mbeidís na Cineadhacha na gcomhoighridhibh, agus na gcomhchorp, agus rannpháirteamhuil ann a gheallamhnasan a Gcríosd trés an soisgéul:
7 Ar a ndearnadh minisdir dhíomsa, do réir thiodhluice ghrás Dé tugadh dhamh maille ré hoibriughadh bríoghmhar a chúmhachdsan.
8 Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.