5 Noch sna haimsearruibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na fhoillsiughadh dá absdaluibh náomtha agus da fháidhibh trés an Spioruid;
6 Eadhon go mbeidís na Cineadhacha na gcomhoighridhibh, agus na gcomhchorp, agus rannpháirteamhuil ann a gheallamhnasan a Gcríosd trés an soisgéul:
7 Ar a ndearnadh minisdir dhíomsa, do réir thiodhluice ghrás Dé tugadh dhamh maille ré hoibriughadh bríoghmhar a chúmhachdsan.
8 Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.
9 Agus a fhoillsiughadh do na huile dháoinibh créd é cumann ná rúindiamhra, noch do bhí folaighthe ó thus an domhain a Ndía, noch do chrúthuigh na huile neither tré Iósa Críosd:
10 Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,
11 Do réir an réimhchinnidh shíorruidhe noch do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíghearna: