1 Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh,
2 Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
3 Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
4 Eúnchorp, agus éin Spiorad atá ann, amhuil fós do goireadh sibh a néunmhuinighin bhur ngarma;
5 Eín Tíghearna, einchreideamh, éun bhaisdeadh,
6 Eín Ndía agus Athair na nuile, noch atá ós cionn na nuile, agus trés na huilibh, agus ionnuibhse uile.