1 A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so.
2 Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;)
3 Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
4 Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
5 A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd;
6 Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;
7 Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh: