21 Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh:
22 Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh.
23 Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd.
24 Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén.