42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,
43 Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam?
44 Oir, féuch, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn.
45 Agus is beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.
46 Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna,
47 Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.
48 Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe f éin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom.