6 Agus do bhádar a ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.
7 Agus ní raíbh, sliochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon.
8 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Dé ann a sheal féin,
9 Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.
10 Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise.
11 Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise.
12 Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.