66 Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.
67 Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,
68 Go madh beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail sé a phobal féin,
69 Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin;
70 Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin:
71 Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;
72 Go ndéanadh sé trócaire air ar naithreachuibh, agus go gcuimhnéochadh sé a thiomna náomhtha féin;