17 Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi.
18 Agus a dubhairt sesion ríu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh.
19 Fénch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.
20 Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.
21 Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.
22 Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.
23 Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi: