28 Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.
29 Agus an tan do chruinnidh an sluágh go tiúgh chuige, do thionsgain sé a tádh. As olc an cineadh so: iárraidh sé comhartha; agus ní tiubharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónas fáidh.
30 Oir ambail dó bhí Iónas na chomhartha do mhuinntir Niníve, as mar sin bhiás Mac an duine mar an gcéudna don chineadhso.
31 Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.
32 Eireóchaid luchd Niníve a mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas ann so.
33 Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.
34 A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.