3 Ar narán laétheamhuil tabhair dhúinn gach láoi.
4 Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.
5 Agus a dubhairt sé ríu cía agaibhsi agá mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhon oidhche, agus go naibeóradh sé ris, A chara, tabhair trí haráin dhamh air iásachd;
6 Oír tháinic cara dhamh as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni again do chuirfinn na fhiadhnuisi?
7 Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.
8 A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.
9 Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.