36 Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.
37 Agus ar labhairt do, do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.
38 Agus an tan do chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér.
39 Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.
40 A dháoine gan chéill, a né nach é an tí do rinne an táobh a muigh do rinne an táobh a sdigh mar an gcéadna?
41 Ar a nadhbharsin tábhruidh deíre uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh; agus, féuch, bíaidh na huile neitheghan díbh.
42 Achd is anáoibhinn dáoibh, a phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh.