31 Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh.
32 Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
33 Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.
34 Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.
35 Bíodh bhur leasrach ceangailte timchioll, agus bhur lóchráinn ar lasadh;
36 Agus sibh féin comhchosmhud ré dáoinibh ag fuireach ré na dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh; ionnas ar dteachd agus ar mbuáladh an doruis dó, go noisgeolaidis gan fhuireach.
37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.