36 Agus sibh féin comhchosmhud ré dáoinibh ag fuireach ré na dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh; ionnas ar dteachd agus ar mbuáladh an doruis dó, go noisgeolaidis gan fhuireach.
37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.
38 Agus má thig sé sa dara faire, agus má thig sé sa treas faire, agus go bhfuighe só mar sin iád, is beannaighe na scarbhfhoghantuighe sin.
39 Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuilcóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd.
40 Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine.
41 Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle?
42 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas a thighearna ós cionn a mhuinntie féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr bidh dhóibh na am fein?