43 Is beannaighe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan thiocfus sé dhá dhéanamh mar sin.
44 Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuill aige é.
45 Achd má deir an seanbhfhoghantuighe úd ann a chroidhe féin, Cuirfidh mo thighearna a theachd a ríghneas; agus go dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buáchailidh agus ná cailinidh, agus bheith ag ithe agus ag ól, agus ar meisge;
46 Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.
47 Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air.
48 Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.
49 Taínic misi do chur teineadh air an talamh; agus créd eile diárrfuinn, ma atá sí ar na lasadh cheana?