5 Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh.
6 A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé?
7 Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.
8 Agus fós a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé:
9 Achd gidh bé shéanfus mise a bhfiadhnuise aingeal De.
10 Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.
11 Agus an tan do bhéaruíd said sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi: