30 Agus, féuch, ataíd dáoine ar deireadh bhiás a dtosach, agus atáid a dtósach bhiás ar deireadh.
31 An lasin féin tangadar cuid airighe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáith do mharbhadh.
32 Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.
33 Achd cheana is éigin damh a niu, agus a márach, agus a noirrthíor a bheith ag siubhal: oír ní héidir fáigh bás fagháil táobh amuich do Iárusalém.
34 O a Ierusalém, á Ierusalém, noch mharbhas na fáighe, agus ghabhas do chlochaibh ar na dáoinibh churthar chugad; gá mhioncachd bá mían leam do chlann do chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh, agus níor bháill libh!
35 Féuch, fágthar bhur dtigh na fhásach aguibh: Agus a deirimsi ribh go fírinneach, Nach bhfaicfí misi, no go dtí a núair a naibeórtháoi, Is beannaighe an té thig a nainm an Tighearna.