12 Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.
13 Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht.
14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.
15 Agus fós tugadar chuige náoidheanain, ionnus go mbeanfadh sé ríu; agus an tan do chuncadar na deísciobuil so, do imdheargadar íad.
16 Achd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé, Fuilngidh na leinbh do theachd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na leitheid so rioghachd Dé.
17 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.
18 Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach?