18 Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach?
19 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú máith dhiomsa? ní bhfuil éinnrach maith, achd Día, amaháin.
20 Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair.
21 Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige.
22 Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi.
23 Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.
24 Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé!