22 Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi.
23 Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.
24 Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé!
25 Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.
26 Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?
27 Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.
28 Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.