24 Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé!
25 Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.
26 Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?
27 Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.
28 Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.
29 Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé.
30 Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an sa tsáoghal atá ag teachd.