25 Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.
26 Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?
27 Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.
28 Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.
29 Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé.
30 Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an sa tsáoghal atá ag teachd.
31 Agus ar mbreith an dá fhear déag leis Diósa, a dubhairt sé riu, Féuch, téaghmáoid súas go Hiárusalem, agus críochnóchthar a dtimcheall Mhic an duine na huile neithe atá sgriobhtha ag na fáighibh.